Maidir linne
Cibé an bhfuil an t-eolas agus na torthaí is déanaí faoin tionscadal á lorg agat, nó na cleachtais is fearr maidir le constaicí ar vacsaíniú a shárú á n-aimsiú agat, foinse eolais iontach is ea an suíomh gréasáin seo, agus cabhróidh sé leat tuiscint níos fearr a fháil ar aistir vacsaínithe trasna na mBallstát den Aontas Eorpach.
Cúlra
Tá laghdú tagtha le blianta beaga anuas ar an gcumhdach vacsaíne i mBallstáit den Aontas Eorpach agus, mar gheall air sin, tá ráigeanna nua de ghalair atá inchoiscthe trí vacsaíniú tar éis tarlú. D’éirigh an scéal níos measa arís le paindéim COVID-19, rud a chuir isteach ar leanúnachas na ngnáthchlár vacsaínithe. Baineann an éiginnteacht vacsaíne go mór le cumhdach vacsaíne. Is éard is brí le héiginnteacht vacsaíne ná vacsaíniú a chur siar nó diúltú dó mar gheall ar imní faoi shábháilteacht agus éifeachtúlacht.
Is rud tábhachtach an mhuinín i vacsaíní agus i mbeartais vacsaínithe, i ngairmithe sláinte agus sa tionscal sláinte, maidir le hiompair vacsaínithe. Tá constaicí ann chomh maith, áfach, a bhaineann le héascaíocht thabhairt vacsaíní, constaicí a chuireann bac ar dhaoine vacsaíniú a fháil.
Cé go ndearnadh iarracht imní na saoránach san Aontas Eorpach faoi vacsaíní, a aithint, monatóireacht a dhéanamh ar a n-imní agus dul i ngleic leis an imní sin, is gá tuilleadh imscrúdaithe a dhéanamh ar chonstaicí ar vacsaíniú. Is iad seo a leanas cuid de na constaicí sin:
- go leor vacsaíní a bheith ar fáil
- gairmithe sláinte a bheith ar fáil chun vacsaíní a thabhairt, lena n-áirítear an líon vacsaíneoirí in aghaidh an duine agus catagóirí difriúla na ngairmithe sláinte a bhfuil cead acu vacsaíní a thabhairt
- cóngaracht na seirbhísí vacsaínithe do shaoránaigh, ó thaobh na tíreolaíochta de
- acmhainneacht airgeadais na seirbhísí vacsaínithe do shaoránaigh
- céimeanna riaracháin agus praiticiúla a theastaíonn chun vacsaíniú a fháil (m.sh. oideas a fháil ó ghairmí sláinte, an táirge a cheannach ó chógaslann agus dul chuig gairmí sláinte arís chun an vacsaín a fháil)
- áisiúlacht na seirbhísí vacsaínithe; a n-uaireanta oscailte, coinní a chur in áirithe agus cúrsaí comhchosúla, agus an deis vacsaíniú a fháil (nó gan é a fháil) in ionaid oibre, i scoileanna agus/nó in áiteanna áitiúla eile
- teagmháil dhíreach á déanamh ag seirbhísí vacsaínithe le saoránaigh, mar shampla trí mheabhrúcháin phoist nó SMS
Gnóthas trí bliana is ea tionscadal ‘Constaicí ar Vacsaíniú a Shárú’ arna mhaoiniú ag an nGníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um an tSláinte agus an Digitiú (HADEA) thar cheann an Choimisiúin Eorpaigh. Dírítear sa tionscadal ar sheacht gcinn de vacsaíní: COVID-19; Papalómaivíreas daonna (HPV); an Fliú; Bruitíneach, Leicneach, Rubella (MMR); Meiningíteas; Póilió; agus Teiteanas.
Is iad seo a leanas cuspóirí an tionscadail seo:
- Constaicí fisiciúla, praiticiúla agus riaracháin ar vacsaíniú, agus a dtionchar diúltach ar Bhallstáit den Aontas Eorpach agus ar rátaí cumhdaigh vacsaíne, a aithint.
- Cleachtais a bhfuil cuma mhaith orthu agus arna gcur i bhfeidhm ag Ballstáit den Aontas Eorpach a aithint, ar féidir iad a chur i bhfeidhm chun constaicí den sórt sin a shárú.
- Moltaí a fhorbairt chun dul i ngleic leis na constaicí a aithníodh, atá saincheaptha do ghníomhairí difriúla, lena n-áirítear an lucht ceaptha beartas ar leibhéal an Aontais Eorpaigh agus ar leibhéal náisiúnta, údaráis inniúla sláinte i mBallstáit den Aontas Eorpach, agus gairmithe sláinte, othair agus saoránaigh de chuid an Aontais Eorpaigh agus náisiúnta.
Cineálacha gníomhaíochtaí a dhéanfar mar chuid den tionscadal
Chun na cuspóirí a bhaint amach, déanfar na rudaí seo a leanas mar chuid den tionscadal:
- Mapálfar na constaicí ar vacsaíniú le haghaidh na saoránach i mBallstáit uile an Aontais Eorpaigh.
- Aithneofar cleachtais a bhfuil cuma mhaith orthu, cleachtais arna bhforbairt ag údaráis sláintiúla i mBallstáit den Aontas Eorpach agus a théann i ngleic le constaicí ar an vacsaíniú.
- Roghnófar cleachtais a bhfuil cuma mhaith orthu bunaithe ar an gcreat measúnaithe de Ghrúpa Stiúrtha um an tSláinte a Chur Chun Cinn, um Ghalair a Chosc agus um Ghalair Neamhtheagmhálacha a Bhainistiú (SGPP) de chuid an Choimisiúin Eorpaigh.
- Eagrófar cuairteanna ar an láthair i dtíortha ina ndearnadh cleachtais a bhfuil cuma mhaith orthu a chur ar ghearrliosta agus/nó a roghnú. Leis na treoirthionscadail sin tabharfar deis d’údaráis sláinte atá ar cuairt féachaint ar an gcaoi a n-oibríonn na cleachtais sin.
- Bainfear triail as trí cinn de chleachtais a bhfuil cuma mhaith orthu i naoi mBallstát dheonacha den Aontas Eorpach. Mairfidh na treoirthionscadail 12 mhí agus cuirfear cleachtais roghnaithe a bhfuil cuma mhaith orthu i bhfeidhm chun a n-ábharthacht a fhíorú agus chun a fháil amach an féidir na bearta arna moladh a aistriú.
- Forbrófar moltaí chun constaicí ar vacsaíniú a shárú i bhfianaise na ngníomhaíochtaí a dhéantar faoin tionscadal.
- Cuir dhá shuirbhé ar an mórchóir i bhfeidhm i ngach Ballstát, ceann ar an bpobail i gcoitinne agus ceann ar ghairmithe cúraim sláinte. Úsáidfear na suirbhéanna sin chun samhail staitistiúil a fhorbairt d'fhonn measúnú a dhéanamh ar an oiread agus a chuireann constaicí fisiceacha, riaracháin agus caoithiúlachta isteach ar an bpróiseas cinnteoireachta maidir le neamh-vacsaíniú; agus ar deireadh thiar, méid ráta clúdaigh níos airde arbh fhéidir a bhaint amach dá sárófaí na constaicí sin.
Spriocghrúpa
Is uirlis é an vacsaíniú, a chuireann cosc ar ghalair thógálacha. Bainfidh buntáiste le tionchar diúltach na gconstaicí ar vacsaíniú a laghdú, do raon leathan páirtithe leasmhara.
Tá an tionscadal ‘Constaicí ar Vacsaíniú a Shárú’ tábhachtach d’údaráis sláinte phoiblí, d’acadóirí, agus do thaighdeoirí i réimse na mbeartas vacsaínithe, a chabhraíonn le straitéisí náisiúnta agus/nó réigiúnacha maidir le vacsaíniú a leagan amach. Is den tábhacht é freisin do ghairmithe agus cleachtóirí i raon réimsí cúraim sláinte. Beidh torthaí an tionscadail, aithint constaicí agus conas iad a shárú san áireamh, ar fáil ar an suíomh gréasáin.
Tá cead ag an bpobal rochtain a fháil ar an suíomh gréasáin agus tá fáil ann ar achoimre ar na seacht n-aistear vacsaínithe agus ar conas is féidir cuid de na constaicí laethúla a shárú. Tá eolas breise ar fáil ann chomh maith maidir le leathanaigh ghréasáin na n-údarás sláinte náisiúnta.
Maoiniú
Clár Sláinte EU4Health a mhaoiníonn an tionscadal seo agus is tionscadal conarthach é de chuid na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin Eorpaí um an tSláinte agus an Digitiú (HADEA). Is leis an údar nó na húdair amháin na dearcthaí agus na tuairimí a chuirtear i láthair, áfach, agus ní gá go mbeadh na dearcthaí agus na tuairimí céanna ag an Aontas Eorpach agus HADEA. Ní féidir freagracht a chur ar an Aontas Eorpach ná HADEA as an ábhar sin.
Uimhir an tionscadail: HADEA/2021/OP/0010.
Cuibhreannas an tionscadail
Verian, i gcomhpháirtíocht leis an, gCumann Eorpach um Bainistíocht Sláinte (EHMA), ifok,Acadamh Péidiatraice na hEorpa (EAP) agus Údarás Eorpach na nÚdarás Sláinte Réigiúnach agus Áitiúil (EUREGHA) atá i gceannas ar thionscadal ‘Constaicí ar Vacsaíniú a Shárú’.