Séanadh
Is iad Kantar Public agus a chonraitheoirí, mar chuid de chuibhreannas ina bhfuil an Cumann Eorpach um Bainistíocht Sláinte (EHMA), an Foras chun Taighde Sláinte agus Bithleighis a Chur Chun Cinn i Réigiún Valencia (Fisabio), ifok, Acadamh Péidiatraice na hEorpa (EAP) agus Údarás Eorpach na nÚdarás Sláinte Réigiúnach agus Áitiúil (EUREGHA) páirteach, a dhéanann cothabháil ar an suíomh gréasáin seo thar cheann na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin Eorpaí um an tSláinte agus an Digitiú (HADEA). Déanann siad é sin chun go mbeadh sé níos éasca ag an bpobal rochtain a fháil ar eolas a bhaineann leis an tionscadal ‘Constaicí ar Vacsaíniú a Shárú’.
Cúlra
Is iad Kantar Public agus a chonraitheoirí, mar chuid de chuibhreannas ina bhfuil an Cumann Eorpach um Bainistíocht Sláinte (EHMA), an Foras chun Taighde Sláinte agus Bithleighis a Chur Chun Cinn i Réigiún Valencia (Fisabio), ifok, Acadamh Péidiatraice na hEorpa (EAP) agus Údarás Eorpach na nÚdarás Sláinte Réigiúnach agus Áitiúil (EUREGHA) páirteach, a dhéanann cothabháil ar an suíomh gréasáin seo thar cheann na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin Eorpaí um an tSláinte agus an Digitiú (HADEA). Déanann siad é sin chun go mbeadh sé níos éasca ag an bpobal rochtain a fháil ar eolas a bhaineann leis an tionscadal ‘Constaicí ar Vacsaíniú a Shárú’.
An cuspóir atá againn ná eolas tráthúil cruinn a chur ar fáil i gcónaí. Má chuirtear earráidí in iúl dúinn déanfaimid ár ndícheall na hearráidí sin a cheartú. In ainneoin sin, ní ghlacann cuibhreannas an tionscadail ná HADEA aon fhreagracht nó dliteanas as an eolas atá ar fáil ar an suíomh seo.
Maidir leis an eolas:
- níor cuireadh an t-eolas ar fáil chun dul i ngleic le cúinsí sonracha aon duine nó páirtí
- ní gá go bhfuil an t-eolas cuimsitheach, iomlán, cruinn nó cothrom le dáta
- uaireanta bíonn an t-eolas nasctha le suíomhanna seachtracha nach mbíonn aon smacht ag cuibhreannas an tionscadail ná HADEA orthu, agus nach nglacann cuibhreannas an tionscadail ná HADEA aon fhreagracht astu
- ní comhairle dlí an t-eolas (má theastaíonn comhairle shonrach uait, ba cheart duit dul i gcomhairle i gcónaí le gairmí ag a bhfuil na cáilíochtaí cuí).
Is é an cuspóir atá againn aon chur isteach a eascraíonn as earráidí teicniúla a laghdú a oireadh agus is féidir. Tá seans ann go bhfuil cuid de na sonraí nó den eolas atá ar an suíomh seo tar éis a bheith cruthaithe nó struchtúrtha i gcomhaid nó i bhformáidí ina bhfuil earráidí, agus nílimid in ann a dhearbhú nach gcuirfidh fadhbanna den sórt sin isteach ar an tseirbhís nó nach gcuirfear isteach uirthi ar bhealach éigin eile. Ní ghlacann cuibhreannas an tionscadail ná HADEA aon fhreagracht as fadhbanna den sórt sin a tharlaíonn mar gheall ar úsáid an tsuímh seo nó suíomhanna seachtracha atá nasctha leis.
Níl i gceist leis an séanadh seo teorainn a chur le dliteanas chuibhreannas an tionscadail mar shárú ar cheanglais arna leagan síos sa dlí náisiúnta is infheidhme, más ann dóibh, ná dliteanas de chuid an chuibhreannais a chur as an áireamh maidir le cúrsaí nach féidir a chur as an áireamh faoin dlí réamhráite.
Séanadh maidir le naisc sheachtracha
D’fhéadfadh ‘naisc sheachtracha’ le suíomhanna gréasáin nach le cuibhreannas an tionscadail ná le HADEA iad a bheith ar shuíomh gréasáin ‘Constaicí ar Vacsaíniú a Shárú’. Níl aon smacht againn ar na naisc sheachtracha sin agus nílimid freagrach astu.
Nuair a leanann daoine a thugann cuairt ar an suíomh gréasáin seo nasc le suíomh gréasáin seachtrach, bíonn na daoine sin faoi réir ag beartais an tsuímh ghréasáin sheachtraigh maidir le fianáin, príobháideachas agus dlí.
Níl aon smacht ag cuibhreannas an tionscadail ná HADEA ar chomhlíonadh na gceanglas cosanta sonraí agus inrochtaineachta is infheidhme ag suíomhanna gréasáin seachtracha atá nasctha le suíomh gréasáin thionscadal ‘Constaicí ar Vacsaíniú a Shárú’ agus uaidh. An suíomh gréasáin seachtrach amháin atá freagrach as na rudaí sin.
Séanadh maidir le formhuiniú
Is é an cuspóir atá le haon tagairt nasctha ó shuíomh gréasáin ‘Constaicí ar Vacsaíniú a Shárú’ le haon acmhainn, seirbhís ar líne nó suíomh gréasáin seachtrach ar leith an t-eolas a chuirtear ar fáil ar an suíomh gréasáin seo a fheabhsú agus cabhrú le daoine a thugann cuairt ar an suíomh gréasáin seo teacht ar na suíomhanna gréasáin eile sin.
Ní hionann tagairtí nasctha den sórt sin agus an acmhainn, an tseirbhís ar líne nó an suíomh gréasáin seachtrach ar leith a bheith formhuinithe ag comhpháirtithe an chuibhreannais nó HADEA, agus ní formhíniú iad ar úinéirí na suíomhanna gréasáin seachtracha.
Beartas teanga
An aidhm atá againn ná eolas a chur ar fáil ar an suíomh gréasáin seo i ngach ceann de na 24 teanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh.
Déanaimid iarracht cothromaíocht réasúnta a bhaint amach idir meas a léiriú ar chainteoirí na dteangacha éagsúla go léir de chuid an Aontais Eorpaigh agus ceisteanna praiticiúla bunaithe ar riachtanais úsáideoirí. Aistreofar roinnt ábhair go dtí na 24 teanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh, ach tá seans ann nach mbeidh ábhar eile ar fáil ach amháin i dteangacha a bhaineann le comhthéacs áirithe náisiúnta.
Foilsítear an t-ábhar ar fad i mBéarla.
Beartas príobháideachais
Tá cuibhreannas thionscadal ‘Constaicí ar Vacsaíniú a Shárú’ agus HADEA tiomanta do phríobháideachas úsáideoirí. Cumhdaítear suíomh gréasáin ‘Constaicí ar Vacsaíniú a Shárú’ leis an mbeartas príobháideachais arna chur ar fáil.
Ráiteas Príobháideachais
Fógra cóipchirt
© 2023
Mura sonraítear a mhalairt (m.sh. i bhfógraí cóipchirt ar leith), tá an t-ábhar ar leis an Aontas Eorpach é ar an suíomh gréasáin seo ceadúnaithe faoi cheadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0). Is éard is brí leis sin gur féidir athúsáid a bhaint as an ábhar atá ann ar an gcoinníoll go dtugtar an t-aitheantas cuí dó agus go léirítear na hathruithe atá déanta.
D’fhéadfadh go mbeadh ort imréiteach breise na gceart a fháil dá dtaispeánfaí daoine príobháideacha in-sainaitheanta in ábhar ar leith nó dá léireofaí obair nó oibreacha tríú páirtí ann. D’fhéadfadh go mbeadh ort cead a lorg go díreach ó shealbhóir nó sealbhóirí na gceart chun a bheith in ann ábhar a úsáid nó a atáirgeadh nach leis an Aontas Eorpach é. Bogearraí nó doiciméid nach bhfuil cumhdaithe ag cearta maoine tionsclaíochta, cosúil le paitinní, trádmharcanna, agus dearaí, lógónna agus ainmneacha atá cláraithe, níl siad curtha san áireamh i mbeartas an Choimisiúin maidir le hathúsáid agus níl siad ceadúnaithe lena n-athúsáid.